Tá clár cónaitheachta ealaíontóirí Fhéile Róise Rua lárnach sa chaoi a n-oibríonn an fhéile. Táimid thar a bheith buíoch as an tacaíocht a fhaighimid ón gComhairle Ealaíon chun é seo a chur i gcrích. In áit líon mór aíonna a thabhairt chuig an bhféile, cuirimid fáilte roimh líon beag ealaíontóirí a bhíonn in ann caidreamh a chothú le hoileánaigh agus rannpháirtíocht níos doimhne a spreagadh i measc phobal an oileáin . Mar thoradh ar an gcur chuige seo, tá na cónaitheachtaí anois ar cheann de na gnéithe is fiúntaí den fhéile, agus táimid ag súil le thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí teacht ar cuairt, comhoibriú agus nasc láidre a chruthú le muintir Árainn Mhór amach anseo.
Leagtar béim láidir ar rannpháirtíocht an phobail inár gcónaitheachtaí.Bíonn scileanna éagsúla ag na healaíontóirí a thagann anseo thar dhisciplíní éagsúla, lena n-áirítear ceardaíocht thraidisiúnta ar nós fíodóireacht, cniotála, damhsa, ceol, amhránaíocht, filíocht. Tugann siad cuairteanna rialta ar an oileán chun teagmháil a dhéanamh le baill den phobal. Bíonn ceardlanna oscailte agus seisiúin chomhroinnte scileanna á reáchtáil ag go leor acu, ag cur cleachtais thraidisiúnta ar aghaidh agus á n-athbheochan, agus ag an am céanna ag cothú caidrimh leis na daoine a mbíonn siad ag obair leo.
Tacaíonn na cónaitheachta le gníomhaíocht ealaíon ar an oileán a shíneann i bhfad níos faide ná deireadh seachtaine na féile, rud a chuidíonn leis an phobal a choinneáil gníomhach agus rannpháirteach sna healaíona i rith na bliana.
Mar thoradh ar chónaitheachtaí roimhe seo, cruthaíodh réimse saibhir saothar agus tionscadal cruthaitheach: scannán faoin bhféile a rinne an scannánóir agus ceoltóir Louise Gaffney; zín a chuir an t-amhránaí, ceoltóir agus ealaíontóir Ruth Clinton le chéile; fonn nua a chum an máistirfidléir Liam Ó Connor don bhanna píob áitiúil; amhráin a múineadh do pháistí scoile an oileáin; tionscadal fíodóireachta le mná an oileáin agus an t-ealaíontóir Aideen Macken; damhsaí a chruthaigh Edwina Guckian in ómós do dhaoine áitiúla; agus leagan nua den amhrán Róise Rua Ceol a Phíobaire / Ór ar an Phláta leis an ilcheoltóir agus amhránaí Rick Epping, chomh maith le go leor tionscadal eile.
Tríd na tionscadail seo, leanann Féile Róise Rua de naisc dhílis, bhuana a chothú idir ealaíontóirí agus oileán Árainn Mhór.