Rialachas

Is comhlacht teoranta faoi ráthaíocht é Taisce an Oileáin, a fheidhmíonn mar fhiontar sóisialta chun na healaíona, an cultúr agus oidhreacht an cheantair a chur chun cinn ar Árainn Mhór.

Thosaigh an eagraíocht mar choiste deonach. Tar éis plean straitéiseach a fhorbairt, bunaíodh an comhlacht chun dea-chleachtas agus dea-rialachas a chinntiú. Roghnaíodh an struchtúr comhlachta teoranta faoi ráthaíocht mar go gcuireann sé ar ár gcumas maoiniú a fháil agus feidhmiú mar eagraíocht neamhbhrabúis. Ina theannta sin, cinntíonn an struchtúr seo go ndéantar gach cinneadh ar mhaithe leis an chomhlacht féin agus ar mhaithe leis an phobal, seachas ar mhaithe le brabús do scairshealbhóirí.

Tá beirt stiúrthóirí agus ceathrar déag ball eile ag an chomhlacht faoi láthair. Oibríonn gach duine acu ar bhonn deonach. Tá ról bainistíochta ag duine de na baill, a bhíonn freagrach as riarachán laethúil na heagraíochta, eagrú imeachtaí agus ranganna, iarratais mhaoinithe a ullmhú, agus cumarsáid a choinneáil leis na stiúrthóirí agus leis na baill eile.

Tá taithí ag na stiúrthóirí ar bhainistíocht gnó agus ar fhiontair shóisialta pobail. I measc na mball tá scileanna éagsúla, lena n-áirítear teanga, na healaíona, oideachas, bainistíocht, forbairt pobail agus dearadh grafach. Tá cothromaíocht mhaith idir fir agus mná sa ghrúpa, agus ionadaíocht ó aoisghrúpaí éagsúla, ó dhéagóirí go daoine sna 70idí.

Ceapann na baill cathaoirleach agus rúnaí chun cruinnithe a stiúradh agus a riar. Oibríonn an ball a bhfuil ról bainistíochta aige/aici go dlúth leis an chuntasóir chun a chinntiú go ndéantar na cuntais i gceart agus in am, agus go gcomhlíontar gach dualgas tuairiscithe leis an CRO. Ina theannta sin, déanann an bainisteoir maoirseacht ar íocaíochtaí, ar chur isteach iarratas ar mhaoiniú, agus ar chur chun cinn imeachtaí. Coinnítear na baill agus na stiúrthóirí ar an eolas faoi obair na heagraíochta trí ríomhphoist agus teachtaireachtaí.

Bíonn thart ar chúig chruinniú foirmiúla ag an ghrúpa iomlán gach bliain. Buaileann baill áirithe le chéile níos minice agus iad ag ullmhú imeachtaí agus féilte.

Táimid thar a bheith buíoch leis na heagraíochtaí a thugann tacaíocht don chomhlacht seo chun na healaíona, cultúr agus oidhreacht a chur chun cinn sa cheantar seo: An Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Plean Teanga Árainn Mhór, Comhairle Chontae Dhún na nGall agus tuilleadh.