Ranganna ceoil ar
Oileán Árainn Mhóir
Le buíochas ó chroí leis an scéim Cuisle/Scéim Neartú ó Ealaín na Gaeltachta, tá an-áthas orainn ranganna seachtainiúla ceoil thraidisiúnta a reáchtáil do dhaoine óga ar Árainn Mhór. Cuirimid tacaíocht ar fáil freisin do ranganna seachtainiúla ceoil do dhaoine fásta, a bhuí leis an teagasc iontach atá á chur ar fáil ag ár múinteoir, Anne Conaghan.
Tá fáilte roimh dhaoine ag gach leibhéal chuig na ranganna, ó thosaitheoirí go dtí daoine ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna. Bíonn na ranganna ar siúl gach tráthnóna Dé Máirt san ionad pobail ag CFFAM.
Tá scéim againn inár féidir le daoine uirlisí a fháil ar cíos. Tá teagasc cheoil ar fáil i réimse leathan uirlisí, lena n-áirítear an fheadóg stáin, an bosca ceoil, an consairtín, an giotár, an fheadóg mhór, an fhidil, an bainseó, an pianó agus an bodhrán.
I rith na bliana,bíonn ceardlanna ar siúl againn freisin ar uirlisí ar leith, ag brath ar an éileamh atá ann i measc ár gceoltóirí áitiúla atá ag foghlaim. Go dtí seo, bhí ceardlanna againn ar an chonsairtín, ar an ghiotár, ar an bhodhrán agus ar an bhosca ceoil.
Is féidir le gach ball dár ngrúpa foghlama ceoil theacht chuig na ceardlanna agus ceolchoirmeacha, srl saor in aisce, chomh maith le go leor imeachtaí eile.
Is cuid thábhachtach den eispéireas foghlama í an taibhiú freisin, agus tugtar cuireadh agus spreagadh do dhaltaí páirt a ghlacadh i seisiúin neamhfhoirmiúla, chomh maith le ceolchoirmeacha níos foirmiúla i rith na bliana.
